BaileNuachtCartlann Aitheasc agus Preaseisiúintí

Freastalaíonn an Taoiseach ar Chomhairle na Breataine-na hÉireann i Geirsí

 

Freastalóidh an Taoiseach, an tUasal Brian Ó Comhain T.D. agus an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Eamon Ó Cuív, T.D. inniu, Dé hAoine, ar an Tríú Chruinniú Mullaigh déag de chuid Chomhairle na Breataine-na hÉireann i nGeirsí.

Tá an cruinniú á thionóil ag Príomh-Aire Gheirsí agus freastalóidh Ceannasaithe Riaracháin Chomhairle na Breataine-na hÉireann (BIC) air lena n-áirítear: Peter Hain, Rúnaí Stáit don Bhreatain Bheag; Alex Salmond, Céad-Aire na hAlban; Rhodri Morgan, Céad-Aire na Breataine Bige; Peter Robinson, Céad-Aire Thuaisceart  Éireann agus Martin McGuinness, Leas-Chéad Aire Thuaisceart Éireann.

Áireofar ar na saincheisteanna a bheidh á phlé an staid eacnamaíochta, saincheisteanna teanga agus cúrsaí fuinnimh inathnuaite.

13 Samhain 2009

Críoch