BaileNuachtCartlann Aitheasc agus Preaseisiúintí

Déanann an Taoiseach comhghairdeas le  David Cameron

 

Rinne an Taoiseach, Brian Cowen TD, comhghairdeas le David Cameron ar a cheapachán mar Phríomh-Aire na Breataine.

Dúirt an Taoiseach:

“Déanaim comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le David Cameron ar a cheapachán mar Phríomh-Aire na Breataine.

Táim ag tnúth buaileadh leis chun caidrimh amach anseo idir Éire agus an Bhreatain, ar gach aon bhealach, a phlé, cur le héachtaí móra an phróisis síochána i dTuaisceart Éireann agus tacaíocht a thabhairt chun dul i ngleic leis na dúshláin ollmhóra atá amach roimh an Eoraip agus an domhan ar fad.

Guím gach rath ar an Uasal Cameron agus é ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin agus na deiseanna a thagann leis na freagrachtaí nua seo. ”

11 Bealtaine 2010

CRÍOCH