BaileNuachtCartlann Aitheasc agus Preaseisiúintí

Déanann an Taoiseach comhghairdeas le Katie Taylor

 

20/09/10

Rinne an Taoiseach, an tUasal Brian Cowen, comhghairdeas le Katie Taylor as an tríú teideal dornálaíochta sa Chraobhchomórtas Domhanda a bhuachan. Dúirt an Taoiseach “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Katie Taylor as bonn óir a bhaint amach i gCraobhchomórtas Domhanda Dornálaíochta na mBan i mBarbados. Is éacht iontach é seo ó cheann de na lúthchleasaithe is fearr in Éirinn. Is é seo an tríú teideal domhanda atá bainte amach ag Kaite agus tá muintir na hÉireann an-bhródúil aisti. Gan dabht tá sí ar cheann de na réaltaí spóirt is fearr atá againn agus cinntíonn scileanna, crógacht agus tiomantas Katie go n-éiríonn go maith léi sa bhfáinne i gcónaí. Tá súil agam go mbeidh oíche iontach ag Katie agus í ag ceiliúradh an bhua is déanaí seo agus guím rath leanúnach uirthi féin agus ar  a muintir.”

Críoch