BaileNuachtCartlann Aitheasc agus Preaseisiúintí

Casann an Taoiseach leis an Uachtarán Obama do cheiliúradh Lá Fhéile Pádraig

 

17 Márta 2010

Tá an Taoiseach i láthair ag ceiliúradh traidisiúnta Lá Fhéile Pádraig sa Teach Bán inniu.

Beidh cruinniú déthaobhach ag an Taoiseach leis an Uachtarán Barack Obama ar maidin.

Taistealóidh an Taoiseach agus an t-Uachtarán chuig Capitol Hill ansin do lón Lá Fhéile Pádraig arna thionóil ag Urlabhraí Theach na nIonadaithe, Nancy Pelosi.

Anocht, tionólfaidh an t-Uachtarán agus Michelle Obama Uasal Fáiltiú sa Teach Bán in onóir don Taoiseach agus Mary Cowen Uasal.

Sa chéad ghníomhacht den lae, beidh bricfeasta speisialta Lá Fhéile Pádraig ag an Taoiseach agus Mary Cowen Uasal leis an Leas-Uachtarán Joe Biden agus a bhean chéile Dr Jill Biden ag áit chónaithe oifigiúil an Leas-Uachtaráin.

CRÍOCH