BaileNuachtCartlann Aitheasc agus Preaseisiúintí

An Taoiseach le casadh le Príomh-Aire na hUngáire, Viktor Orbán

 

Casfaidh an Taoiseach, an tUas. Enda Kenny T.D., le Príomh-Aire na hUngáire, Viktor Orbán na hUngáire i dTithe an Rialtais inniu. Is ag an Ungáir atá Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh faoi láthair.

Táthar ag súil go ndíreoidh cainteanna idir an Taoiseach agus an Príomh-Aire Orbán ar ullmhúcháin do Chruinniú na Comhairle Eorpaí i mí an Mheithimh. Is dócha gur cúrsaí eacnamaíochta an príomh-ábhar plé a bheidh ag an gcruinniú sin.

Pléifidh an bheirt cheannairí Uachtaránacht na hUngáire agus saincheisteanna déthaobhacha.

Tabharfaidh an Príomh-Aire Orbán aitheasc don Institiúid Gnóthaí Eorpacha agus Idirnáisiúnta fad a bheidh sé i mBaile Átha Cliath.  

Críoch

1 Meitheamh 2011