BaileNuachtCartlann Aitheasc agus Preaseisiúintí

Cruinniú ag an Taoiseach Enda Kenny TD agus ag Rúnaí Státchiste na Stát Aontaithe, Timothy Geithner

 


Bhí cruinniú 30 nóiméad ag an Taoiseach agus ag Rúnaí an Státchiste in Washington, DC an tráthnóna roimh cheiliúradh Lá Fhéile Pádraig sa Teach Bán.

Bhí cainteanna fiúntacha acu ar an staid eacnamaíochta domhanda agus ar ionchais do gheilleagar an domhain.

Chuir an Taoiseach pleananna nua an Rialtais maidir le hathchóiriú eacnamaíochta in iúl, in aghaidh chúlra de Chlár an AE-IMF agus na caibidlíochtaí atá ar siúl i gcónaí san Aontas Eorpach, ó thaobh an tionchar atá acu ar Éirinn.

Dhearbhaigh sé arís tiomantas Rialtas na hÉireann ó thaobh aghaidh críochnúil a thabhairt ar an easnamh sa bhuiséad a laghdú, athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras baincéireachta agsu clár beartas soiléir a chur i bhfeidhm.  

D’aontaigh Rúnaí an Státchiste leis an dearcadh a léirigh sé ar fhorbairtí reatha sna Stáit Aontaithe agus ar ionchais don gheilleagar domhanda.  

CRÍOCH