AN CHOMHAIRLE AIREACHTA THUAIDH THEAS AN CEATHRÚ CRUINNIÚ IOMLÁNACH DHÉAG, TEACH FARMLEIGH, BAILE ÁTHA CLIATH, 15 MEITHEAMH 2012

 

COMHRÁITEAS

Tionóladh an ceathrú cruinniú iomlánach dhéag den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas i dTeach Farmleigh, Baile Átha Cliath ar an 15 Meitheamh 2012.

Ba é An Taoiseach Éanna Ó Coinnigh T.D. a bhí ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Ba iad Peter Robinson MLA, An Chéad-Aire agus Martin McGuinness MP MLA, An LeasChéad-Aire a bhí i gceannas ar Fheidhmeannacht Thuaisceart Éireann.  Tá liosta iomlán de chomhaltaí an dá thoscaireacht i gceangal mar Iarscríbhinn.

Phléigh comhaltaí na Comhairle forbairtí geilleagracha, lena n-áirítear  tionchar na géarchéime i limistéar an euro, dúshláin fhioscacha, athstruchtúrú na mbanc agus iasachtaí agus NAMA. Dhaingnigh Airí an athuair a dtiomantas i leith comhair phraiticiúil ar na saincheisteanna sin agus i leith réimsí ina bhféadfaí coigilteas a dhéanamh ó thaobh costais de a chíoradh. Aithníodh na tairbhí a d’fhéadfadh an dá dhlínse a fháil as margaí atá i mbéal a bhforbartha.  Phléigh na hAirí na deiseanna comhoibrithe atá sa réimse seo agus na deiseanna atá ann an tairbhe is fearr is féidir a bhaint as imeachtaí san earnáil Turasóireachta.

D’fháiltigh na hAirí roimh chomhar leanúnach ar nuálaíocht san Aontas Eorpach agus thug siad dá n-aire an Chomhdháil ar thaighde Eorpach agus maoiniú nuálaíochta i gcomhair Fiontar Beag agus Meánmhéide (FBManna) “Comhar ar mhaithe le Nuálaíocht” ar éirigh go maith léi agus ar ar fhreastail líon mór daoine ar an 7 Meitheamh 2012.  Ba iad Máire Geoghegan-Quinn, Coimisinéir AE, An tAire Arlene Foster agus An tAire Stáit Lucinda Ní Chríodáin a labhair ag an gComhdháil.

TUARASCÁIL NA GCOMHRÚNAITHE AR DHUL CHUN CINN

Thug comhaltaí na Comhairle dá n-aire an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn atá á hullmhú ag Comhrúnaithe CATT ar obair na gComhlachtaí Thuaidh Theas agus ar réimsí eile CATT a bhaineann le comhar agus d’fháiltigh siad roimh na príomhfhorbairtí seo a leanas:

feachtas rathúil Thurasóireacht Éireann sa bhliain 2011 agus a dtionscnaimh mhóra don bhliain 2012 agus 2013 lena n-áirítear ni2012 “Our Time, Our Place”, Doire-Londondoire – Cathair Chultúir na Ríochta Aontaithe, Na Cluichí Domhanda Póilíní agus Lucht Dóiteáin agus ‘The Gathering 2013’;

gníomhaíochtaí IdirThrádáil Éireann chun comhar a chur chun cinn chun an méid is mó de mhaoiniú a íostarraingt as Creatchlár an AE um Thaighde, Forbairt Theicniúil agus Nuálaíocht agus chun inrochtaineacht ar mhargaí soláthair a fheabhsú ar mhaithe le FBManna;

glao oscailte rathúil SEUPB ar iarratais faoin gclár INTERREG IVA, a dhún i mí Feabhra 2012, lenar bhain 91 iarratas as a nginfí €217.6 (£189.2) milliún agus as an líon sin tá a thuilleadh breithnithe á dhéanamh ar 13 iarratas as a nginfí €48.3 (£42) milliún.

an tús a cuireadh le próiseas forbartha cláir a bheadh dírithe ar an gcéad chlár PEACE eile agus ar an gcéad chlár trasteorann INTERREG eile;

 an comhar rathúil “Líonraí Eolais” de chuid an Bhoird um Chur Chun Cinn na Sábháilteachta Bia (biaslán) a chuideoidh le roinnt eolais idir na páirtithe sin a mbíonn baint acu leis an soláthar bia;

rathúlacht Ghníomhaireacht na Loch mar pháirtithe ceannais i gcomhar le hOllscoil Ghlaschú agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, ó thaobh maoiniú £8 milliún a aimsiú as an gclár INTERREG IVA don tionscadal ‘Bainistíocht Chomhtháite Acmhainní Uisceacha idir Éirinn, Tuaisceart Éireann agus Albain (IBIS)’;

comhairliúchán poiblí Fhoras na Gaeilge curtha i gcrích maidir le socruithe maoiniúcháin nua i gcomhair comhlachtaí bunmhaoinithe agus socruithe eatramhacha maoiniúcháin leathnaithe go dtí an 30 Meitheamh 2012;

 rathúlacht Ghníomhaireacht na hUltaise leis an Oíche Gheandrámaíochta d’Oíche Burns ar ar fhreastail 950 duine i Halla Uladh i mBéal Feirste agus leis an gclár gníomhaíochta a d’fhorbair sí i gcomhair Chomóradh Céad Bliain an Titanic, Comóradh Céad Bliain Chúnant Uladh agus comóradh 400 bliain na Cairte Plandála;

obair ullmhúcháin Uiscebhealaí Éireann ar na roghanna atá ann chun tionscadal Chanáil Uladh a chur chun cinn;

sraith cainteanna idir na Ranna Talmhaíochta ar na leasuithe atá beartaithe ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) i ndiaidh 2013 agus cruinnithe idir an bheirt Phríomhoifigeach Tréidliachta agus Coimisiún an AE inar cuireadh an cás i gcomhair Straitéise Sláinte agus Leasa Ainmhithe Uile-Oileáin i láthair;

 táthar ag tabhairt faoi chomhshuirbhé a bheadh mar bhonn eolais i gcomhair gluaiseachta daltaí agus pleanála scoile trasteorann. Beidh torthaí an tsuirbhé agus moltaí ar an mbealach chun cinn le breithniú ag tráth nach déanaí ná an chéad chruinniú Oideachais de chuid CATT a thionólfar sa bhliain 2013;

tá comhghníomhartha ar thaighde á gcur chun cinn ag Gníomhaireacht Comhshaoil Thuaisceart Éireann (GCTÉ) chun tacú le cur i bhfeidhm beartais agus reachtaíochta comhshaoil agus táthar ag comhoibriú chun tacú le taighdeoirí atá ag lorg maoiniú Eorpach ón gclár EU FP7, INTERREG agus LIFE+ i gcomhair taighde comhshaoil dá dtugtar tosaíocht;

an dul chun cinn atá fós ag tarlú i bpleanáil ghnó ar mhaithe le hAonad Radaiteiripe a bhunú in Allt Mhic Dhuibhleacháin a bhfuil sé beartaithe tús a chur leis sa bhliain 2013 agus a bheith i mbun oibriúcháin faoin mbliain 2016;

tionóladh comhdháil rathúil Thuaidh Theas ar mhí-úsáid alcóil in Ard Mhacha an 26 Eanáir 2012.  D’fhreastail breis is 130 toscaire as iliomad earnálacha ar an gcomhdháil, lenar áiríodh sraith cur i láthair lán le heolas ó chainteoirí áitiúla agus idirnáisiúnta;

seoladh an Phrótacail Idirdhlínsiúil ar Chosaint Leanaí i gcomhair cásanna Cúraim Leanaí a Aistriú idir Tuaisceart Éireann agus Éirinn agus oibriú i gcomhar chun clár oibre trasteorann nua a fhorbairt i gCosaint Leanaí;

comhoibriú i nithe a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre lena n-áirítear eolas agus taithí a roinnt ar na nithe seo a leanas – leibhéil níos ísle Tiúchána Alcóil san Fhuil a thabhairt isteach i gcomhair tiománaithe, sábháilteacht tiománaithe nua a fheabhsú agus aitheantas a thabhairt sa dá dhlínse do phointí pionóis as 4 cinn de sháruithe tráchta ar bhóithre nach bhfuil chomh tromchúiseach; agus

chuir Iarnród Thuaisceart Éireann agus Iarnród Éireann feabhas ar iontaofacht agus ar phoncúlacht na seirbhíse Enterprise agus tá pleananna beartaithe acu don todhchaí chun iontaofacht innill traenach a fheabhsú, ídiú breosla a laghdú agus Wi-Fi a bheith ar fáil ar thraenacha Enterprise.

 

UACHTARÁNACHT NA HÉIREANN AR AN AE

 

 Labhair na hAirí ar na dúshláin agus ar na tosaíochtaí is dóigh a leagfar i gcomhair Uachtaránacht na hÉireann ar an AE a bheidh ar siúl sa bhliain 2013. Chíoraigh siad cibé an bhféadfaí gníomhartha comhoibrithe a chur ar bun le linn na hUachtaránachta, lena n-áireofaí cruinnithe d’oifigigh shinsearacha, imeachtaí AE a chur ar siúl sa dá dhlínse agus Nithe AE a phlé mar mhír Cláir ag cruinnithe iomchuí CATT i bhformáid na n-earnálacha.

TIONSCNAMH NA TAIRSÍ THIAR THUAIDH

 

Labhraíodh faoi Thionscnamh na Tairsí Thiar Thuaidh agus d’fháiltigh na hAirí roimh an dul chun cinn atá déanta ar raon tionscadal atá curtha ar bun agus atá beartaithe agus a bhfuil sé i gceist leo tairbhí geilleagracha agus sóisialta a thabhairt do cheantar an iarthuaiscirt.  Casfaidh Airí lena chéile chun a dtiomantas leanúint leis an dul chun cinn a dhaingniú an athuair chun a chinntiú go ndéanfar na bearta a bheidh le tabhairt ar aghaidh trí Thionscnamh na Tairsí Thiar Thuaidh, mar a chuirtear síos orthu sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn, a chur i bhfeidhm go héifeachtach trí obair a Ranna agus thug siad dá n-aire go ndéanfar tuarascáil bhreise ar dhul chun cinn a chur i láthair an chéad chruinnithe Institiúidigh eile den CATT.

DUL CHUN CINN AR THIONSCADAIL BHÓTHAR AN A5 agus AN A8

 

Phléigh comhaltaí na Comhairle an dul chun cinn atá déanta go dáta ar thionscadail an A5 (An Tairseach Thiar Thuaidh go hÁth na Cloiche) agus an A8 (Béal Feirste go Latharna).  Thug Airí dá n-aire gur fhógair Feidhmeannacht TÉ pacáiste infheistíochta lena n-áirítear dhá mhír de thionscadal an A5 agus an A8. Thug said dá n-aire chomh maith go bhfuil Rialtas na hÉireann fós tiomanta do thionscadal cómhaoinithe an A5 a chur i gcrích.

OIDEACHAS TRÍÚ LEIBHÉAL

Labhair na hAirí faoi thábhacht an chomhoibrithe san Oideachas Tríú Leibhéal, agus an méadú dóchúil i soghluaisteacht mac léinn idir an dá dhlínse á chur i gcuntas, agus ar a thábhachtaí is atá sé go leanfaidh an gníomh comhoibrithe idir institiúidí tríú leibhéal chun cuidiú le coigilteas ó thaobh costais de agus chun taighde agus forbairt a chur chun cinn.

ATHBHREITHNIÚ AR CHOMHAONTÚ CHILL RÍMHINN

Cheadaigh na hAirí na moltaí seo a leanas a bhaineann le Comhlachtaí Thuaidh Theas:

Uiscebhealaí Éireann

na ranna coimircíochta le roghanna a bhreithniú chun Bord a bhunú a thabharfadh na tairbhí a bhaineann le cuntasacht agus rialachas breisithe chun cinn d’Uiscebhealaí Éireann ach ar nach mbeadh nach mó ná dhá chomhalta dhéag agus moltaí le cur i láthair lena mbreithniú ag cruinniú Uiscebhealaí Intíre CATT amach anseo;

na ranna coimircíochta le foráil de minimis a chur i bhfeidhm mar is cuí, trí athruithe sa reachtaíocht nó trí bhealaí riaracháin eile chun déileáil le diúscairt uiscebhealaigh nó píosa d’uiscebhealach ag Uiscebhealaí Éireann;

athbhreithniú le déanamh ag ranna coimircíochta ar na forálacha reatha i ndáil le gníomhaíochtaí tráchtála Uiscebhealaí Éireann chun a chinntiú gur cuí iad agus chun tuarascáil a thabhairt do chruinniú Uiscebhealaí Intíre CATT a thionólfar sa todhchaí;

agus cúinsí reatha geilleagracha agus fioscacha á gcur i gcuntas, ní ghlacfar aon ghníomh eile an tráth seo chun sainchúram Uiscebhealaí Éireann a leathnú.

An Foras Teanga

ní gá aon ghníomh eile maidir le hidirchaidreamh idir na Boird ar an bhForas Teanga, roinnt seirbhísí agus comhdhlúthú cuntas ó tharla go bhfuiltear i mbun oibre cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar gach ceann de na saincheisteanna seo;

ní gá aon ghníomh eile maidir le sainchúram Ghníomhaireacht na hUltaise obair a bhaineann le hUltais nó an cultúr Ultach-Albanach a chur chun cinn taobh amuigh d’oileán na hÉireann ó tharla go léiríonn an chomhairle dlí nach bhfuil aon deacracht leis ó thaobh na reachtaíochta reatha;

leanfaidh ranna coimircíochta ag cabhrú le Gníomhaireacht na hUltaise luach ar airgead a fháil laistigh de na constaicí reatha buiséid; agus

ní gá aon ghníomh faoi láthair maidir leis an méadú a tháinig ar líon na gcomhaltaí Boird ar Ghníomhaireacht na hUltaise ach coinneofar an tsaincheist seo faoi athbhreithniú, faoi réir na himpleachtaí reachtúla agus airgeadais a bhreithniú.

 

 

Gníomhaireacht na Loch

tá Gníomhaireacht na Loch le seirbhísí a bhunú agus a chur ar fáil d’eagraíochtaí táirgeoirí chun táirgí mara a fhorbairt agus beidh aghaidh le tabhairt ag an dá Roinn Choimircíochta ar aon bhacainní reachtúla a aithneofar;

tá leasú á lorg i gcomhair na Rialachán Magistrates’ Courts (Costs in Criminal Cases) Rules (Northern Ireland) 1988 chun costais a dheonaítear a éascú ar mhaithe le léargas níos fearr a thabhairt ar an gcostas a bhaineann le hionchúisimh a thabhairt i gcoinne daoine.  Coinneoidh an Roinn Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe an deis atá ann leasú a dhéanamh ar an Foyle Fisheries Act (Northern Ireland) 1952, chun réim sheasta pionóis a cheadú, faoi athbhreithniú.

Foras Chláir Speisialta an AE (FCSAE)

agus na socruithe faireacháin reatha AE á gcur i gcuntas, bheadh sé deacair seasamh leis an gcostas a bhainfeadh le Bord do riar 3% de bhuiséad FCSAE;

déanfaidh an dá Roinn choimircíochta scrúdú ar shocruithe rialachais FCSAE atá i bhfeidhm i láthair na huaire agus tabharfaidh siad tuarascáil don chéad chruinniú FCSAE eile de chuid CATT i nDeireadh Fómhair 2012.

An Bord um Chur Chun Cinn na Sábháilteachta Bia (BCCCSB)

ní cóir go mbeadh athrú ar bith i stádas an bhoird reatha den Bhord um Chur Chun Cinn na Sábháilteachta Bia ó ‘bord comhairleach’ go ‘bord feidhmiúcháin”; agus

féadfaidh an Bord um Chur Chun Cinn na Sábháilteachta Bia idirghabháil a dhéanamh i gcás go mbeadh imní faoi bhia más ann go n-iarrfaidh na húdaráis cheannais sa dá dhlínse orthu déanamh amhlaidh agus ar choinníoll nach ann d’aon chonstaic ó thaobh an dlí de.

Thug Airí dá n-aire go raibh dul chun cinn á dhéanamh ar an athbhreithniú ar Mheabhrán Airgeadais na gComhlachtaí Thuaidh Theas agus é mar aidhm an t-athbhreithniú a chríochnú faoi dheireadh mhí na Nollag 2012.  Maidir le seirbhísí comhroinnte, thug siad dá n-aire gur cuireadh tús leis an obair ar an bhféidearthacht a bheadh ann coigilteas ó thaobh éifeachtúlachta de a bhaint amach sna Comhlachtaí Thuaidh Theas agus bheadh sé i gceist tuarascáil a thabhairt do CATT i bhfómhar na bliana 2012.

Thug comhaltaí na Comhairle dá n-aire go ndéanfaidh an Chéad-Aire, an LeasChéad-Aire, an Taoiseach agus an Tánaiste a machnamh ar Théarmaí Tagartha 2 agus 3 agus go rachaidh siad i gcomhairle lena chéile.  Bheadh sé mar aidhm acu cinntí a dhéanamh ag cruinniú Iomlánach mhí na Samhna 2012.

AN FÓRAM COMHAIRLEACH THUAIDH THEAS

Thug comhaltaí na Comhairle dá n-aire stair agus na forbairtí a tharla san Fhóram Comhairleach Thuaidh Theas le déanaí agus chomhaontaigh siad an tsaincheist sin a réiteach ag an gcéad Cruinniú Iomlánach CATT eile.

AN FÓRAM PARLAIMINTEACH THUAIDH THEAS

Thug comhaltaí na Comhairle dá n-aire na forbairtí ba dhéanaí ar an bhFóram Parlaiminteach Thuaidh Theas agus táthar ag súil go gcuirfear breithniúcháin i gcrích go gairid.

CRUINNITHE CATT SA TODHCHAÍ

D’fhaomh an Chomhairle sceideal de chruinnithe CATT a mhol an Chomhrúnaíocht, lena n-áirítear cruinniú Institiúideach CATT i nDeireadh Fómhair 2012 agus an chéad chruinniú Iomlánach eile de chuid CATT ar an 2 Samhain 2012.

An Chomhrúnaíocht

15 Meitheamh 2012

IARSCRÍBHINN A

 

 

CRUINNIÚ DE CHUID NA COMHAIRLE AIREACHTA THUAIDH THEAS

FARMLEIGH, BAILE ÁTHA CLIATH – 15 MEITHEAMH 2012

 

Rialtas na hÉireannFeidhmeannacht Thuaisceart Éireann
  

Éanna Ó Coinnigh TD

Taoiseach

An Ró-Onórach Peter Robinson MLA Céad-Aire

Éamon Mac Giollamóir TD

Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Martin McGuinness MP MLA

LeasChéad-Aire

Mícheál Ó Nuanáin TD

Aire Airgeadais

Alex Atwood MLA

Aire Comhshaoil

Ruairí Ó Cuinn TD

Aire Oideachais agus Scileanna

Stephen Farry MLA

Aire Fostaíochta agus Foghlama

Risteárd de Briotún TD

Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta

David Ford MLA

Aire Dlí agus Cirt

Siobhán de Bhurtúin TD

Aire Coimirce Sóisialaí

Danny Kennedy MLA

Aire Forbartha Réigiúnaí

Séamas Ó Duibhneacháin TD

Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

Nelson McCausland MLA

Aire Forbartha Sóisialta

Pilib Ó hÓgáin TD

Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil

Carál Ní Chuilín MLA

Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta

Alan Shatter TD

Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta

John O’Dowd MLA

Aire Oideachais

Síomón Ó Cómhanaigh  TD

Aire Talmhaíochta, Mara agus Bia

Michelle O’Neill MLA

Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe

Proinséas Mhic Gearailt TD

Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige

Jennifer McCann MLA

Aire Sóisearach in Oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire

Séamus Ó Raghallaigh TD

Aire Sláinte