BaileNuachtPreaseisúntaí an Rialtais

Ceapacháin chun na Cúirte Cuarda

 

Ag cruinniú inné, d'ainmnigh an Rialtas an tUasal John Aylmer, SC lena cheapadh ag an Uachtarán chun na Cúirte Cuarda. Tá an folúntas ann mar gheall ar bhás brónach an Bhreithimh Onóraigh Katherine Delahunt in Aibreán 2015.

Tá na céimeanna riachtanacha glactha ag an Rialtas chun an ceapachán a chur in iúl go foirmiúil don Uachtarán Ó hUigín, de réir nósanna imeachta an Bhunreachta.

Ina theannta sin, chomhaontaigh an Rialtas i bprionsabal an Breitheamh Sinéad Ní Chúlacháin a ainmniú lena ceapadh ag an Uachtarán chun na Cúirte Cuarda nuair a bheidh folúntas sa Chúirt sin mar gheall ar cheapachán beartaithe an Bhreithimh Mary Ellen Ring chun na hArd-Chúirte.