BaileNuachtPreaseisúntaí an Rialtais

Ceapacháin chun na hArd-Chúirte

 

Chomhaontaigh an Rialtas i bprionsabal inniu ceathrar breithiúna atá ag fónamh sa Chúirt Chuarda; an Breitheamh Carroll Moran Oinigh, an Breitheamh Mary Faherty Oinigh, an Breitheamh Raymond Fullam Oinigh agus an Breitheamh Carmel Stewart Oinigh, a ainmniú lena gceapadh ag an Uachtarán chun ceithre chinn den seacht bhfolúntas a bheidh san Ard-Chúirt nuair a cheapfar na breithiúna atá ag fónamh sa chúirt sin chuig an gCúirt Achomhairc nua nuair a bhunófar í.

Tá sé beartaithe an Chúirt Achomhairc a bhunú ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2014.

Chomh luath is a thiocfaidh na folúntais chun cinn san Ard-Chúirt ar bhunú na Cúirte Achomhairc, déanfar ainmniúcháin fhoirmiúla i ndáil leis an méid a fógraíodh inniu. Tá na hainmniúcháin á gcomhaontú i bprionsabal ag an gcéim dheiridh seo ionas go bhféadfar na folúntais san Ard-Chúirt chomh luath agus is féidir ar theacht chun cinn dóibh.