BaileNuachtPreaseisúntaí an Rialtais

Ceapachán chuig an gCúirt Achomhairc

 
Ag cruinniú Rialtais inniu, d'ainmnigh an Rialtas Breitheamh atá ag fónamh san Ard-Chúirt, an Breitheamh Onórach John Edwards, lena cheapadh ag an Uachtarán chuig an gCúirt Achomhairc.
An 29 Deireadh Fómhair 2014, ar chomhairle an Rialtais, cheap an tUachtarán Higgins Uachtarán na Cúirte Achomhairc chomh maith le ochtar gnáthbhreitheamh chun na Cúirte.   Líonfaidh ainmniúchán an lae inniu an folúntas deiridh do ghnáthbhreitheamh chun na Cúirte Achomhairc.
Tá na céimeanna cuí glactha ag an Rialtas chun an t-ainmniúchán a chur in iúl go foirmiúil don Uachtarán Higgins de réir nósanna imeachta bunreachtúla