BaileNuachtPreaseisúntaí an Rialtais

Déanann an Taoiseach, Enda Kenny, T.D., comhghairdeas le Alexis Tsipras ar a thoghadh agus a cheapadh mar Phríomh-Aire na Gréige

 

Ba mhian liom comhghairdeas a dhéanamh, thar ceann Rialtas na hÉireann, le Alexis Tsipras i ndiaidh gur ceapadh é inniu mar Phríomh-Aire na Gréige. Táim ag tnúth le hoibriú leis ag an gComhairle Eorpach agus guím gach rath air agus ar a Rialtas sna dúshláin a bheidh amach rompu. Is cinnte deimhin go mbeimid ag oibriú le chéile agus le gach ceannasaí Eorpach chun cobhsaíocht, poist agus rath a bhaint amach do shaoránaigh uile an Aontais Eorpaigh.