BaileNuachtPreaseisúntaí an Rialtais

Fáilte curtha ag Murphy roimh cheapachán an Choimisinéara Nua Cosanta Sonraí

 

Chuir an tAire Gnóthaí Eorpacha agus Cosaint Sonraí,  Dara Murphy TD, fáilte inniu (Dé Céadaoin an 10 Meán Fómhair) roimh cheapachán Helen Dixon Uasal ina Coimisinéir Cosanta Sonraí. 

Tiocfaidh Helen Dixon in áit Billy Hawkes Uasal a bhí sa phost ó 2005 nó gur éirigh sé as an mhí seo. 

Maidir leis an gceapachán dúirt an tAire Murphy inniu. “tá ríthábhacht le ról Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí mar chomhlacht neamhspleách ar a bhfuil freagracht sonraí in Éirinn a chosaint.  Táimid ag gluaiseacht go tapa isteach sa ré teicneolaíochta agus mar sin tá sé tábhachtach a chinntiú go bhfuil an chosaint is fearr agus is féidir ag ár gcuid sonraí, sócmhainn a bhfuil níos mó agus níos mó luach léi.  Seo feidhm atá an Coimisinéir Cosanta Sonraí a chomhlíonadh ó bunaíodh an ról in 1988 agus ról a bheidh níos tábhachtaí fós sna blianta atá romhainn. 

Is mian liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le Helen Dixon Uasal ar a ceapachán agus guím gach rath uirthi ina ról nua tábhachtach seo.”