BaileNuachtPreaseisúntaí an Rialtais

Searmanas Ardaithe Brataí an 1 Eanáir chun Comóradh a Dhéanamh ar Thús an Chláir Searmanais Stáit 2016

 

Beidh ócáid ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an 1 Eanáir 2016 chun comóradh a dhéanamh ar thús an Chláir Searmanais Stáit 2016.

Beidh an Searmanas, ar a bhfreastalóidh an tUachtarán Michael D. Higgins, an Taoiseach Enda Kenny T.D., an tArdmhéara Críona Ní Dhálaigh agus an Tánaiste Joan Burton T.D., comhdhéanta de dhá phríomhghné - léifidh Óglaigh na hÉireann Rolla Onóra de na hÓglaigh a bhásaigh in Éirí Amach 1916 agus ina dhiaidh sin beidh Searmanas Ardaithe Brataí.

Ardófar na trí bhratach a bhí ar foluain ar Shráid Uí Chonaill le linn na Cásca 1916 - Bratach Arm Cathartha na hÉireann a bhí ar foluain ar Óstán an Imperial ar Shráid Uí Chonaill, Bratach Phoblacht na hÉireann agus an Bhratach Náisiúnta a bhí ar foluain ar Ard-Oifig an Phoist.  

Ag deireadh an tSearmanais casfar an tAmhrán Náisiúnta. An Banna Míleata agus Cór na nÓg RTÉ a chuirfidh ceol ar fáil.   

Áireofar ar na haíonna a bhfuil cuireadh acu ionadaithe an Stáit agus gaolta na ndaoine sin a bhásaigh in Éirí Amach 1916.

Beidh an Searmanas, a mhairfidh thart ar 40 nóiméad, ar siúl amuigh faoin aer i gClós Uachtarach an Chaisleáin agus cuirfear tús leis ag 1:00 pm.

Beidh fáilte roimh an bpobal freastal ar an imeacht agus ba chóir dóibh dul isteach sa Chaisleán trí Gheata Shráid an Pháláis agus a bheith i láthair tráth nach déanaí ná 12.15 pm.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: Andrew Payne i Seirbhís Eolais an Rialtais ag 01 619 4033 / press.office@taoiseach.gov.ie