BaileNuachtPreaseisúntaí an Rialtais

Seisear Breithiúna Ainmnithe na Cúirte Achomhairc fógartha

 

Shínigh an tUachtarán Higgins an Bille um an gCúirt Achomhairc ina dhlí an 20ú lá d’Iúil 2014. Forálann sé go mbeidh an Chúirt nua Achomhairc comhdhéanta d’Uachtarán agus suas le naonúr gnáthbhreithiúna.   

D’fhógair an Rialtas inniu roinnt breithiúna atá ag fónamh sa Ard-Chúirt ar Bhreithiúna ainmnithe na Cúirte Achomhairc:

An Breitheamh George Birmingham,
An Breitheamh Onórach Mary Finlay Geoghegan,
An Breitheamh Onórach Gerard Hogan,
An Breitheamh Onórach Mary Irvine,
An Breitheamh Onórach Peter Kelly, agus
An Breitheamh Onórach Michael Peart.

Mar ab amhlaidh nuair a fógraíodh an Breitheamh Onórach Seán Ryan ina Uachtarán Ainmnithe ar an gCúirt Achomhairc an 25ú lá d’Fheabhra 2014, déanfar na hainmniúcháin go foirmiúil lena gceapadh chun na Cúirte Achomhairc a luaithe a bheidh an Chúirt bunaithe.   Déanfar socruithe ansin chun an tUachtarán chomh maith leis na seisear breithiúna a cheapadh go hoifigiúil chun na Cúirte Achomhairc ag an Uachtarán Higgins.