BaileNuachtPreaseisúntaí an Rialtais

Uachtarán Ainmnithe na Cúirte Achomhairc fógartha

 

Tá sé fógartha ag an Rialtas inniu gurb é an Breitheamh Onórach Seán Ryan Uachtarán Ainmnithe na Cúirte nua Achomhairc.   De bhun an Reifrinn ar an gCúirt Achomhairc ar glacadh leis an 4ú Deireadh Fómhair atá an Chúirt nua Achomhairc le bunú.  

Déanfar an t-ainmniúchán go foirmiúil nuair a bheidh an reachtaíocht fhorfheidhmithe riachtanach achtaithe.   Tá an reachtaíocht seo á hullmhú faoi láthair.   Déanfar socruithe ina dhiaidh sin maidir lena cheapachán sa phost ag an Uachtarán Michael D Higgins. 

Déanfar foráil sa reachtaíocht fhorfheidhmithe  maidir le saincheisteanna praiticiúla a bhainfidh leis an gCúirt Achomhairc – bunú na Cúirte ar bhonn foirmiúil agus comhaltacht na Cúirte;  breithiúna a cheapadh; leagan amach na Cúirte; agus foráil d’oifig Chláraitheoir na Cúirte chomh maith le saincheisteanna eile.  Tá an tUachtarán Ainmnithe fógartha ag an tráth seo ionas gur féidir pleanáil agus réiteach go réidh don Chúirt nua.