BaileNuachtPreaseisúntaí an Rialtais

Ard-Rúnaí an Uachtaráin ceaptha

 

Tá sé fógraithe ag an Rialtas, tar éis dul i gcomhairle leis an Uachtarán, go bhfuil an tUasal Art O’Leary ceaptha ina Ard-Rúnaí an Uachtaráin.  Tá an tUasal O’Leary ina Phríomhoifigeach i Roinn an Taoisigh faoi láthair agus bhí sé ina Rúnaí ar Chomhdháil na Bunreachta go dtí le déanaí. 

Ceapachán é seo a tháinig chun cinn de bharr Ard-Rúnaí reatha an Uachtaráin, an tUasal Adrian O’Neill, a bheith ceaptha ina Dhara-Ard-Rúnaí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Rachaidh an tUasal O’Leary i mbun dualgais go gairid.  

Críoch