BaileNuachtPreaseisúntaí an Rialtais

Ceapacháin chun na hArd-Chúirte

 

Ceapacháin chun na hArd-Chúirte

Ag cruinniú an Rialtais inniu, ainmníodh Caroline Costello S.C. Uasal agus Aileen Donnelly S.C. Uasal lena gceapadh ag an Uachtarán chun na hArd-Chúirte. 

Folúntais iad seo a tháinig chun cinn ó d’éirigh an Breitheamh Onórach Iarfhlaith O’Neill as agus ó fuair an Breitheamh Onórach Peter Charleton ardú céime chun na Cúirte Uachtaraí.

Tá na céimeanna riachtanacha glactha ag an Rialtas chun na hainmniúcháin a chur in iúl go foirmiúil don Uachtarán Higgins de réir nósanna imeachta an Bhunreachta.

Beidh folúntas eile san Ard-Chúirt i mí Meán Fómhair nuair atá an Breitheamh Onórach Barry White in ainm éirí as.  Ag cruinniú an Rialtais inniu comhaontaíodh i bprionsabal an tUasal Seamus Noonan S.C. a ainmniú lena cheapadh ag an Uachtarán chun an folúntas sin a líonadh.

23 Iúil 2014