BaileNuachtPreaseisiúntaí an Taoisigh

An Taoiseach chun Éire a chur chun cinn i Davos mar áit den scoth le gnó agus infheistíocht idirnáisiúnta a dhéanamh inti

 

Rachaidh an Taoiseach, Enda Kenny TD, go Davos inniu chun freastal ar Chruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhnada (WEF). Beidh an Taoiseach i Davos ón 20 Eanáir go dtí an Aoine an 22 Eanáir chun Éire a chur chun cinn i Davos mar áit den scoth le gnó agus infheistíocht idirnáisiúnta a dhéanamh inti. Beidh ceannairí polaitíochta agus gnó agus cinn eagraíochtaí idirnáisiúnta ó ar fud an domhain i láthair ag Cruinniú Bliantúil WEF. Beidh an Taoiseach páirteach i roinnt imeachtaí atá ar an gclár a bhaineann leis an ngeilleagar domhanda. Ina measc díospóireacht bheo chun treochtaí i bhfás domhanda a phlé agus an ról atá ag Rialtais chun borradh a chur faoin bhfás sin. Gné thábhachtach de chlár an Taoisigh i Davos ná imeacht ag a mbeidh feidhmeannaigh shinsearacha mórchuideachtaí idirnáisiúnta i láthair atá á eagrú ag IDA Ireland chun Éire a chur chun cinn mar áit den scoth le gnó a dhéanamh inti. Casfaidh sé freisin le ceannairí roinnt mórghnólachtaí i réimsí éagsúla lena n-áirítear gnólachtaí ardteicneolaíochta, cógaisíochta agus seirbhísí airgeadais. Is deis iontach atá i WEF chun meascadh le príomhpháirtithe i ndomhan an ghnó agus tapóidh an Taoiseach gach deis a bheidh ann chun Éire a chur chun cinn mar áit den scoth le gnó agus infheistíocht idirnáisiúnta a dhéanamh inti.