BaileNuachtPreaseisiúntaí an Taoisigh

An Taoiseach le bualadh leis an bPápa Proinsias

 

Buailfidh an Taoiseach Enda Kenny leis an bPápa Proinsias sa Vatacáin Dé Luain seo chugainn, an 28 Samhain.

Tar éis cinneadh Chomhdháil Easpaig na hÉireann cuireadh foirmiúil a thabhairt don Phápa Proinsias freastal ar Chruinniú Domhanda na dTeaghlach i mBaile Átha Cliath in 2018, d'iarr an Taoiseach an cruinniú seo, a bheidh ar siúl sa Phálás Aspalda sa Vatacáin ag a 10 a chlog ar maidin. 

Tapóidh an Taoiseach an deis fáilte phearsanta a chur roimh chinneadh an Phápa Proinsias Cruinniú Domhanda na dTeaghlach a reáchtáil i mBaile Átha Cliath i mí Lúnasa 2018.    

Cuirfidh sé in iúl go dtacaíonn an Rialtas go hiomlán le cuireadh Chomhdháil Easpag na hÉireann don Phápa Proinsias teacht ar cuairt go hÉirinn i gcomhthéacs an chruinnithe sin agus deimhneoidh don Phápa go gcuirfear fáilte roimhe de réir na ndeasghnátha cúirtéise agus tacaíochta stáit má thograíonn sé teacht go hÉirinn.

Táthar ag súil go bpléifidh siad ceisteanna áirithe ar cás leo beirt, lena n-áirítear caidrimh dhéthaobhaigh, forbairtí san Aontas Eorpach agus an imirce.

CRÍOCH