BaileNuachtPreaseisiúntaí an Taoisigh

An Taoiseach le freastal ar Chruinniú Mullaigh AE 

 

Beidh an Taoiseach, Enda Kenny TD, i láthair ag Comhairle na hEorpa sa Bhruiséil an 20-21 Deireadh Fómhair, áit a bpléifear an imirce, cás na Siria agus caidreamh an AE leis an Rúis.

Táthar ag súil go mbeidh cuid mhaith plé ann ar bheartais trádála chomh maith: leagfaidh an Taoiseach béim ar an tábhacht a bhaineann le trádáil ó thaobh poist, fás agus infheistíocht a chruthú. Cuirfidh sé béim freisin ar an ngá atá le beartas trádála cothrom a bheith ann, áit a bhféachfar go hoscailte ar thíortha eile agus a nglactar san áireamh an imní atá ar dhaoine faoi chosaint timpeallachta, cosaint tomhaltóirí agus cosaint shóisialta.

Táthar ag súil go gcuirfidh an Príomh-Aire May Ceannairí ar an eolas faoi fhorbairtí a bhaineann le Brexit ó thaobh na Ríochta Aontaithe de, cé nach gceaptar go mbeidh plé rómhór ar Brexit ag an gcruinniú seo.

Críoch