BaileNuachtPreaseisiúntaí an Taoisigh

Ardmholadh tugtha ag an Taoiseach do Jason Smyth i ndiaidh dó bonn óir a bhuachan

 

Tá ardmholadh tugtha ag an Taoiseach Enda Kenny don rábálaí Jason Smyth i ndiaidh dó bonn óir a bhuachan ag na cluichí Parailimpeacha.

Dúirt an Taoiseach, “Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh le Jason as an mbua stairiúil atá bainte amach aige i Rio.  Is éacht é an teideal rábálaí T13 100m a bhuachan ag trí bhabhta as a chéile de na cluichí Oilimpeacha. Léiriú é sin ar dhíograis Jason agus ar an obair fíor-chrua atá déanta aige.”

“Is iontach an rud é gur Éireannach é an lúthchleasaí Parailimpeach is tapúla ar domhan agus cinntíonn na cúig bhonn Oilimpeacha atá buaite aige go gcuimhneofar air go deo mar dhuine de mhórphearsaí spóirt na hÉireann.”