BaileNuachtPreaseisiúntaí an Taoisigh

Buaileann an Taoiseach le teaghlaigh dhaoine a maraíodh i mbuamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin agus le daoine a tháinig as na buamálacha

 

Chas an Taoiseach, Enda Kenny T.D. le teaghlaigh dhaoine a maraíodh i mbuamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974 agus le daoine a tháinig as na buamálacha.  Ina measc sin a bhí i láthair bhí teaghlaigh dhaoine a maraíodh in eachtraí eile a bhain leis na Trioblóidí sa dlínse seo.

Cruinniú a bhí anseo de shraith cruinnithe a bhí ag an Taoiseach le teaghlaigh íospartaigh na dtrioblóidí lena n-áirítear the Disappeared, Sléacht Kingsmill, buamálacha Oirthear Fhear Manach agus Inis Ceithleann.
 

Maraíodh 33 sibhialtach agus páiste nár rugadh riamh i mbuamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin, chomh maith le suas le 300 duine a bheith gortaithe iontu – an líon is mó riamh a maraíodh agus a gortaíodh in aon lá amháin de na Trioblóidí.

Dúirt an Taoiseach “D’iarr mé ar na teaghlaigh agus ar na daoine a tháinig as na buamálacha castáil liom go gcloisfinn uathu féin faoin tionchar a bhí ag cuid de na buamálacha is measa a tharla le linn na dTrioblóidí ar a saol.

Tacaím go hiomlán le Rúin na Dála Uile-Pháirtí mhí Iúil 2008 agus Bhealtaine 2011 ag iarraidh ar Rialtas na Breataine gach bun-cháipéis atá acu ina seilbh a bhaineann leis na buamálacha a thabhairt ar lámh.

Tá an t-ábhar seo tarraingthe anuas ag mo Rialtas-sa agus ag Rialtais roimhe seo lena gcomhghleacaithe i Westminster roinnt babhtaí agus leanfaimid á dhéanamh sin. 

Níl sé éasca déileáil leis an méid a thit amach san am a caitheadh. Níl aon bhealach éasca ann le cúrsaí a chur ina gceart. Tá mo Rialtas-sa, i gcomhar le Rialtas na Breataine agus lena gcomhghleacaithe i gComhthionól Thuaisceart Éireann, go dúthrachtach ag iarraidh bealaí a fháil le haghaidh a thabhairt ar an méid a thit amach sna trioblóidí i dTuaisceart Éireann.”