BaileNuachtPreaseisiúntaí an Taoisigh

Comhghairdeas déanta ag an Taoiseach le Arlene Foster ar a toghadh mar Chéad-Aire Thuaisceart Éireann

 

Rinne an Taoiseach, an tUas. Enda Kenny TD, comhghairdeas le Arlene Foster inniu ar a toghadh mar Chéad-Aire nua Thuaisceart Éireann agus ghuigh gach rath uirthi ina post nua, post a bhfuil sí ag tabhairt faoi ag am tábhachtach do Thuaisceart Éireann.

Dúirt sé go raibh sé ag súil le leanúint ar aghaidh ag obair léi chun dúshláin a bhaint amach agus chun deiseanna a fhorbairt chun leasa gach pobal ar fud oileán na hÉireann.     

Dúirt an Taoiseach freisin gur chruthaigh Arlene Foster go raibh sí an-éifeachtach ina hAire Fiontair, Trádála agus Infheistíochta agus ina hAire Airgeadais agus Pearsanra agus go raibh sé cinnte go leanfaidh sí uirthi ag obair go crua ar son mhuintir Thuaisceart  Éireann agus í ag glacadh le freagracht ollmhór phost an Chéad-Aire.

Dúirt an Taoiseach freisin go raibh sé ag súil le leanúint ar aghaidh ag obair le Martin McGuinness, a hath-cheapadh inniu ina LeasChéad-Aire.  

Léirigh an Taoiseach ómós do réamhtheachtaí Arlene Foster, Peter Robinson, agus ghabh buíochas leis as an méid ollmhór a chuir sé le próiseas síochána Thuaisceart Éireann. Ghuigh sé bliana fada sona lena theaghlach air agus é ag éirí as a phost mar Chéad-Aire.