BaileNuachtPreaseisiúntaí an Taoisigh

Cruinniú an Taoisigh le Muintir Stack  

 

Bhí an Taoiseach sásta maith a dhéanamh den ghealltanas a thug sé sa Dáil roimh an Nollaig bualadh le muintir Stack. In éineacht leis an Tánaiste, leis an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, agus le hoifigigh, d'éist sé go grinn leis na ceisteanna a d'ardaigh an teaghlach. Thoiligh an Taoiseach agus an Tánaiste, agus an Roinn Dlí agus Cirt, an scéal a fhiosrú maidir leis na ceisteanna seo agus teacht ar ais chuig an teaghlach sna seachtainí amach romhainn.  

Críoch