BaileNuachtPreaseisiúntaí an Taoisigh

Cuireann an Taoiseach a dhea-mhéin in iúl do Chaptaen Peter agus na Leoin

 

 Chuir an Taoiseach Leo Varadkar a dhea-mhéin in iúl do Chaptaen Peter O'Mahony agus Foireann na Leon roimh mhórchluiche an tSathairn i gcoinne na Nua-Shéalainne in Auckland.  

"Is an-onóir é a bheith i do chaptaen ar na Leoin agus is mian liom gach rath a ghuí ar an bhfoireann i gcoinne na All Blacks amárach.  Is iontach an rud é do rugbaí na hÉireann go bhfuil seisear imreoirí Éireannacha páirteach ann agus tá gach duine ag súil leis an gcluiche.   "Tugann Peter dea-shampla agus spreagann sé gach duine a bhíonn thart air. Níl aon easpa iarrachta ná tiomantais i gceist agus na Leoin ag iarraidh an bua a bhaint amach. Beidh lucht leanúna na hÉireann ag tabhairt tacaíochta dóibh." 

Críoch