BaileNuachtPreaseisiúntaí an Taoisigh

Déanann an Taoiseach comhbhrón ar bhás an Athar Theodore Hesburgh ó Notre Dame.

 

B’ábhar bróin dom a chloisteáil go bhfuil an tAthair urramach Theodore (Ted) Hesburgh, iar-Uachtarán Ollscoil Notre Dame University in Indiana imithe ar shlí na fírinne.  

Bhí sé d’onóir agam casadh leis an Athair Hesburgh agus am a chaitheamh leis, nuair a thug mé cuairt ar Notre Dame i Márta 2012. B’ábhar iontais dom, an uair sin, a intinn chaolchúiseach, a iomláine agus a spioradáltacht. D’fhóin an tAthair Hesburgh ar go leor Coimisiúin Uachtaránachta de chuid SAM ach bhí bród mór air, fós féin, go bhfuair sé Pas Éireannach.

Laoch an-mhór cearta sibhialta a bhí san Athair Hesburgh chomh maith, agus bhí sé an-bhródúil as a oidhreacht Éireannach.  Chaith sé 35 bliain mar Uachtarán ar Notre Dame.

Tá a lorg greanta do docht ar an ollscoil iontach sin, tar éis go ndearna sé institiúid mhór Mheiriceánach den ollscoil é féin. Cuimhneofar air mar uachtarán, sagart, oideachasóir, comhairleoir agus mar chara, níos mó ná rud ar bith eile, i measc na gcéadta míle mac léinn ag Notre Dame.

Déanfaidh gach duine a raibh sé de phribhléid acu aithne a bheith acu air é a chaoineadh, agus is amhlaidh a dhéanaim féin trí chomhbhrón ó chroí a léiriú tar éis go bhfuair fíor-shár-dhuine bás.