BaileNuachtPreaseisiúntaí an Taoisigh

Deireadh le misean trádála an Taoisigh chuig an Ísiltír agus an Ghearmáin, misean ar éirigh go maith leis

 

Tabharfaidh an Taoiseach, Enda Kenny, T.D. chun críche inniu (Dé hAoine) misean trádála chuig an Ísiltír agus an Ghearmáin, misean ar éirigh go maith leis.  Le linn an mhisin trádála, shínigh cuideachtaí as Éirinn 17 gconradh san Ísiltír agus sa Ghearmáin, conarthaí ar fiú suas le €57m iad.

Casfaidh an Taoiseach le feidhmeannaigh shinsearacha ó roinnt cuideachtaí Gearmánacha inniu a bhfuil oibríochtaí suntasacha acu in Éirinn agus tabharfaidh sé óráid ag imeacht atá ar bun chun cur leis an méid mairteola as Éirinn a dhíoltar sa Ghearmáin.

Le críoch a chur leis an turas, tabharfaidh an Taoiseach cuairt chúirtéise ar Horst Sceehofer, Aire-Uachtarán na Baváire.

Cuireadh béim le linn an mhisin trádála, ina raibh 85 cuideachta as Éirinn páirteach, ar théarnamh eacnamaíochta na hÉireann a neartú trí chur leis na margaí easpórtála, deiseanna trádála a chur chun cinn agus infheistíocht a mhealladh go hÉirinn.