BaileNuachtPreaseisiúntaí an Taoisigh

Ráiteas ón Taoiseach, Éanna Ó Coinnigh TD

 
Thar ceann Rialtas na hÉireann, déanaim comhbhrón le muintir na ndaoine a maraíodh in ionsaí barbartha na hoíche anocht ag Margadh na Nollag i mBeirlín. Cuimhnímid orthusan atá gortaithe agus ar a dteaghlaigh.  Má tá Éireannaigh ann atá ag déanamh imní faoi dhaoine muinteartha leo, glaoidís ar (+353) 1 4082000.
Cáinim dúnmharú éadrócaireach Ambasadóir na Rúise chun na Tuirce agus déanaim comhbhrón le teaghlach an Ambasadóra Karlov. 
Cáinim an t-ionsaí meata a rinneadh ar dhaoine a bhí i mbun urnaí i Zurich tráthnóna. 
Níl aon ghlacadh leis an bhforéigean seo sa tsochaí, foréigean arb ionann é agus ionsaí a dhéanamh ar ár mbunfhiúchais.  
Críoch