BaileNuachtPreaseisiúntaí an Taoisigh

Ráiteas ón Taoiseach Enda Kenny TD ag déanamh comhghairdis le Paul agus Gary O’Donovan i ndiaidh dóibh an chéad bhonn a bhuachan ar son na hÉireann sna cluichí Oilimpeacha 2016

 

Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh le Paul agus Gary O’Donovan i ndiaidh dóibh an chéad bhonn a bhuachan ar son na hÉireann sna cluichí Oilimpeacha 2016 in Rio.

Is éacht mór pearsanta é dóibh féin, dá gclub agus do rámhaíocht na hÉireann.

Bhain an tír go léir sásamh as a bheith ag féachaint ar Paul agus Gary ar muir is ar tír.  Ardú croí a bhí ina gcuid lúthchleasaíochta agus san acmhainn grinn a léirigh siad freisin.  Is mian liom buíochas ó chroí a ghabháil leo as an íobairt agus an iarracht a rinne siad le go mbeadh rath ar Éirinn ar an stáitse domhanda.

Críoch