BaileNuachtPreaseisiúntaí an Taoisigh

Ráiteas ón Taoiseach Enda Kenny TD ag tréaslú a bonn airgid i gCluichí Oilimpeacha 2016 le Annalise Murphy

 

"Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh le Annalise Murphy faoi chomh maith is a chruthaigh sí chun bonn airgid a bhuachan ag Cluichí Oilimpeacha 2016 i Rio.

Éacht iontach atá déanta ag Annalise an chéad bhonn sa tseoltóireacht a bhuachan d'Éirinn sna Cluichí Oilimpeacha ó 1980 agus léiríonn sé chomh díograiseach, cumasach agus dícheallach atá sí. 

I ndiaidh di an ceathrú háit a bhaint amach in 2012, táim thar a bheith sásta do Annalise, dá muintir agus do sheoltóireacht na hÉireann go bhfuil an bonn airgid buaite aici - luach saothair ceart ar an íobairt mhór a rinne sí sa réiteach do na Cluichí Oilimpeacha."

CRÍOCH