Ráiteas ón Taoiseach, Enda Kenny TD, ar bhás Gertrude Mallon
Is cúis mhór bróin dom é bás Gertrude Mallon.
Thug mé cuairt ar theach Gertrude agus Shéamuis anuraidh ar Chnoc an Mhargaidh agus chonaic mé le mo dhá shúil an grá agus an dílseacht a bhí acu dá chéile. Bhí Gertrude tinn le tamall maith agus, in éineacht leo siúd a thug aire di, thaispeáin Séamus an dílseacht a bhí aige di ina shaol pearsanta, tréith a bhain go dlúth lena shaol poiblí, polaitíochta.
Ar dheis Dé go raibh a hanam uasal.
Ends