BaileNuachtPreaseisiúntaí an Taoisigh

Ráiteas ón Taoiseach Enda Kenny ar bhás Adrian Hardiman

 

Bhí an-bhrón ar an Taoiseach, Enda Kenny, cloisteáil faoi bhás tobann bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí, Adrian Hardiman.

“Ní raibh súil ar bith leis agus is mór an chúis bhróin dom cloisteáil faoi bhás Adrian Hardiman ar maidin. Bhí saol fada oibre caite ag Adrian ag plé leis an dlí agus bhí aithne mhór air.  Bhí sé ar dhuine de na daoine b'éirimiúla a mhair lenár linn.  Chomh maith leis an obair mhór a rinne sé sa chóras breithiúnach, bhí gean mór aige ar an nGaeilge chomh maith le spéis mhór a bheith aige i gcúrsaí staire agus polaitíochta. Ba chraoltóir é agus scríbhneoir a raibh a chuid ábhair foilsithe.

An rud ba thábhachtaí ar fad ná go mba fear céile agus athair é Adrian a raibh an-chion air. Thar mo cheann féin, thar ceann mo Rialtais agus thar ceann mhuintir na hÉireann, cásaím a bhás lena bhean chéile Yvonne Murphy agus lena chlann.

Ar dheis Dé go raibh a anam dílis”.