BaileNuachtPreaseisiúntaí an Taoisigh

Ráiteas ón Taoiseach Leo Varadkar maidir leis an ionsaí sceimhlitheoireachta i Nua-Eabhrac

 

Tá comhbhrón déanta ag an Taoiseach, Leo Varadkar TD, le muintir Nua-Eabhrac faoin ionsaí a tharla i Manhattan.

"Ionsaí barbartha neamhthrócaireach ar mhuintir Nua-Eabhrac a bhí ann a tharla achar gearr ón áit ar tharla tubaiste 9/11.

"Daoine neamhurchóideacha iadsan a maraíodh agus a gortaíodh a bhí ag dul i mbun an lae, gan fios acu faoin méid a bhí le titim amach.

"Tá muintir na hÉireann ag seasamh le muintir Nua-Eabhrac, ar bhain tubaistí cheana dóibh san am a caitheadh. Beimid ag smaoineamh ar mhuintir agus ar chairde na n-íospartach agus ag guí dóibh."