BaileNuachtPreaseisiúntaí an Taoisigh

Ráiteas ón Taoiseach ar bhás Anthony Foley

 
Dála gach duine eile sa tír, baineadh preab an-mhór asam nuair a chuala mé faoi bhás tobann Chóitseálaí na Mumhan, Anthony Foley.

Laoch agus fathach fir ba ea Anthony maidir le rugbaí na Mumhan agus na hÉireann. Is mór an bhris é go gcaillfí fear chomh hiontach leis agus é an-óg.

Is ar a ghaolta agus a chuid comhghleacaithe foirne atáim ag cuimhneamh ag an am uafásach seo.

Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.

Críoch