BaileNuachtPreaseisiúntaí an Taoisigh

Ráiteas ón Taoiseach ar bhás Peter Barry

 

Is cúis mhór bróin dom a dhearbhú gur bhásaigh an tIar-Thánaiste, Aire agus Leascheannaire Fhine Gael, Peter Barry. Bhásaigh sé go síochánta i gCorcaigh ar maidin agus a theaghlach timpeall air.

Ar feadh a ghairm bheatha fada sa pholaitíocht, d'oibrigh Peter go crua ar son na tíre agus ar son a chathair dhúchais.  Chabhraigh an ról lárnach agus ríthábhachtach a bhí aige i gComhaontú Angla-Éireannach 1985 le tús a cur le próiseas na síochána i dTuaisceart Éireann. 

Sna laethanta amach romhainn déanfaimid machnamh ar oidhreacht Peter Barry agus tabharfaimid ómós dó, ach inniu, tá ár gcuid smaointe agus paidreacha lena chlann atá i ndiaidh a n-athair a chailliúint.

Cuimhnímid freisin ar a bhean Margaret a thug an oiread sin tacaíochta dó le linn a ghairm bheatha.  

CRÍOCH