BaileNuachtPreaseisiúntaí an Taoisigh

Ráiteas ón Taoiseach maidir le bagairtí ar iriseoirí

 

Thar ceann an Rialtais agus thar mo cheann féin, is mian liom na bagairtí atá déanta ar iriseoirí sa dlínse seo a cháineadh agus a rá gur rímhór an náire iad.  Tá saoirse cainte ar cheann de na bunclocha ar a bhfuil córas daonlathach ar bith atá ag feidhmiú bunaithe agus ní mór do shochaí mheasúil ar bith cead a thabhairt d'iriseoirí a gcuid oibre a dhéanamh gan imní a bheith orthu faoi dhíoltas.  Tabharfar chun dlí na daoine a rinne an marú seo le déanaí ar ár gcuid sráideanna agus ní spárálfar acmhainní chun sin a dhéanamh. Tá ár dtacaíocht iomlán ag na hiriseoirí a ndearnadh na bagairtí seo orthu mar aon le gach iriseoir atá ag dul i mbun a gcuid oibre go misniúil gach lá.