BaileNuachtPreaseisiúntaí an Taoisigh

Ríméad ar an Taoiseach go bhfuil Mórstádas bainte amach ag imreoirí cruicéid na hÉireann

 

Thréaslaigh Leo Varadkar inniu le Cruicéad Éireann Mórstadas a bheith bainte amach ag an eagraíocht tar éis cruinniú de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta Cruicéid (ICC) i Londain.

Tá ríméad orm go nglacfaidh Éire a háit anois i measc Mhórnáisiúin cruicéid eile. Dea-scéala ceart don chluiche é agus luach saothair faighte i ndiaidh blianta fada d'obair chrua agus feachtasaíochta ag Cruicéad Éireann.

"D'éirigh go maith le hÉirinn ar leibhéal idirnáisiúnta i leaganacha is giorra den chluiche. Beimid in ann a bheith ag súil le laethanta maithe anois nuair a thabharfaidh Éire aghaidh ar chuid de Mhórnáisiúin cruicéid an domhain."